eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 45 - Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe

Airteagal 45 - Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe

1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát. 2. Féadfar saoirse gluaiseachta agus cónaithe a dheonú, i gcomhréir leis na Conarthaí, do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil ar chríoch Ballstáit.

  • Text:

    An ceart a ráthaítear le mír 1, is é an ceart a ráthaítear le hAirteagal 20(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é (féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 21 agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2002, C–413/99 Baumbast [2002] ECR 709). I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá na cearta sin le feidhmiú faoi na coinníollacha agus faoi na teorainneacha a shainítear sna conarthaí. Tagraítear i mír 2 don chumhacht a thugtar don Aontas le hAirteagail 77, 78 agus 79 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, braitheann deonú an chirt seo ar fheidhmiú na cumhachta sin ag na hinstitiúidí.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found

  • Report / Paper / Summary
    9
    November
    2009
    This report released by the Agency highlights the case of the Roma and their particular challenges in exercising these rights. Based on the evidence of its report, the FRA advises the EU and its Member States to adopt targeted policies promoting social cohesion to ensure that all citizens can exercise their right to freedom of movement effectively.