Ní mór an chéad tuairisc a chur isteach dhá bhliain tar éis teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin sa pháirtí Stáit, agus tá tuairiscí ina dhiaidh sin le leagan isteach gach ceithre bliana.
Úsáideann an Coiste CRPD na tuairiscí sin mar bhunús d’athbhreithniú an Choiste CRPD ar an dul chun cinn atá déanta chun an Coinbhinsiún a fhorfheidhmiú.
I gcomhréir lena oibleagáidí, leag an Coimisiún Eorpach isteach an chéad tuarascáil ar fhorfheidhmiú an AE ar an gCoinbhinsiún, thar ceann an AE, i Meitheamh 2014. Déanann an tuarascáil achoimre ar na gníomhartha atá déanta ag an AE chun an CRPD a fhorfheidhmiú laistigh dá réimse inniúlachta; cuimsíonn sé idir dhlí agus bheartas AE, agus forfheidhmiú inmheánach in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE.
D’fhoilsigh an Coiste CRPD an ‘liosta saincheisteanna’ in Aibreán 2015 mar fhreagra ar thuarascáil an AE, inar ardaíodh roinnt ceisteanna a bhfuil tuilleadh eolais ón AE ag teastáil uaidh. D’fhreagair an Coimisiún Eorpach thar ceann an AE ag cur tuilleadh faisnéise ar fáil i Meitheamh 2015.
Tharla an phríomhchuid den phróiseas athbhreithnithe i Lúnasa 2015, nuair a reáchtáladh ‘idirphlé dearfach’ idir an tAE – a ndearna an Coimisiún Eorpach ionadaíocht air – agus Coiste CRPD.
I ndiaidh an phlé sin, d’fhoilsigh an Coiste CRPD a mheasúnú ar fhorfheidhmiú an AE ar an CRPD i Meán Fómhair 2015 agus a mholtaí maidir leis na gníomhartha a leanfadh uaidh i bhfoirm ‘breithnithe deiridh’. Tugann na breithnithe deiridh aghaidh ar bheagnach gach ceann d’airteagail an Choinbhinsiúin, mar aon le moltaí praiticiúla faoin gcaoi ar féidir leis an AE forfheidhmiú an coinbhinsiúin a fheabhsú.
Chomh maith leis na doiciméid fhoirmeálta a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach agus Coiste CRPD, leag líon mór comhlachtaí náisiúnta um chearta an duine, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas isteach a gcuid tuarascálacha féin chuig Coiste CRPD i ndáil le forfheidhmiú AE an CRPD.
Príomhchéimeanna san athbhreithniú ar an AE a rinne Coiste CRPD
• Tháinig an tAE os comhar Choiste CRPD an 27-28 Lúnasa 2015 le haghaidh ‘idirphlé dearfach’ faoina fhorfheidhmiú ar an CRPD.
• D’fhoilsigh Coiste CRPD a bhreithnithe deiridh maidir leis an AE i Meán Fómhair 2015 inar leag sé amach a mheasúnú ar theist an AE mar aon le moltaí faoin gcaoi ar féidir leis an AE an forfheidhmiú an Choinbhinsiúin a fheabhsú.
Foinse: FRA, 2016
Tá gach doiciméad a bhaineann leis an bpróiseas athbhreithnithe ar fáil ar líne.
Ghlac an Creat AE páirt ghníomhach i ngach céim den phróiseas athbhreithnithe.
Reáchtáil an Creat AE dhá sheisiún faisnéise phríobháideacha leis an gCoiste CRPD, tráth a raibh an plé ann faoin liosta saincheisteanna faoin AE agus am an idirphlé dhearfaigh. Thug an Creat ráitis tosaigh agus deiridh freisin i rith an idirphlé dhearfaigh idir an tAE agus Coiste CRPD.
Ról an Chreata AE sa phróiseas athbhreithnithe
Anuas air sin, d’eagraigh Parlaimint na hEorpa trí imeacht chun an próiseas athbhreithnithe a phlé: éisteacht phoiblí i mBealtaine 2015 ar an liosta saincheisteanna, éisteacht phoiblí eile in Eanáir 2016, agus malartú tuairimí leis an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta i bhFeabhra 2016 inar ghlac gach ball den Chreat AE páirt.
Tá gealltanas déanta ag gach ball den Chreat AE tacú leis na gníomhartha a leanann ó bhreithnithe deiridh an AE.
Baineann cuid de bhreithnithe deiridh Choiste CRPD go sonrach leis an gCreat AE:
“Is ábhar imní don Choiste nach bhfuil Creat an Aontais Eorpaigh d’fhorfheidhmiú agus monatóireacht an Choinbhinsiúin ag teacht go hiomlán le Prionsabail Pháras, agus nach bhfuil dóthain acmhainní aige. Anuas air sin, tá an Coimisiún Eorpach ainmnithe mar phointe fócais (Airteagal 33.1) agus mar chuid den chreat monatóireachta (Airteagal 33.2). Molann an Coiste go nglacfaidh an [tAE] bearta chun róil an Choimisiúin Eorpaigh a dhíchúpláil – é a bhaint den chreat monatóireachta neamhspleách – chun comhlíonadh iomlán Phrionsabail Pháras a chinntiú, agus go mbeadh dóthain acmhainní aige sin chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Molann sé freisin go ndéanfadh an [tAE] breithniú ar shásra comhordaithe idir-institiúideach a bhunú agus pointí fócasacha a ainmniú i ngach institiúid, gníomhaireacht agus comhlacht de chuid an AE.”
“Is ábhar imní don Choiste nach bhfuil Creat an Aontais Eorpaigh d’fhorfheidhmiú agus monatóireacht an Choinbhinsiúin ag teacht go hiomlán le Prionsabail Pháras, agus nach bhfuil dóthain acmhainní aige. Anuas air sin, tá an Coimisiún Eorpach ainmnithe mar phointe fócais (Airteagal 33.1) agus mar chuid den chreat monatóireachta (Airteagal 33.2).
Molann an Coiste go nglacfaidh an [tAE] bearta chun róil an Choimisiúin Eorpaigh a dhíchúpláil – é a bhaint den chreat monatóireachta neamhspleách – chun comhlíonadh iomlán Phrionsabail Pháras a chinntiú, agus go mbeadh dóthain acmhainní aige sin chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Molann sé freisin go ndéanfadh an [tAE] breithniú ar shásra comhordaithe idir-institiúideach a bhunú agus pointí fócasacha a ainmniú i ngach institiúid, gníomhaireacht agus comhlacht de chuid an AE.”
Iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach, mar phointe fócais don Choinbhinsiún san AE, faisnéis a chur ar fáil do Choiste CRPD maidir leis an bearta a glacadh chun an moladh seo a chur i bhfeidhm faoi Mheán Fómhair 2016.